Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 8:12-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Thug sé leis timpeall cúig mhíle fear agus chuir i luíochán iad idir Béitéil agus Háí, laistiar den chathair.

13. Sin mar a suíodh an slua - campa an phobail lastuaidh den chathair agus lucht an luíocháin laistiar di; chaith Iósua an oíche sin sa ghleann féin.

14. Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.

15. Lig Iósua agus clann Iosrael go léir orthu go rabhthas á gcloí acu agus theitheadar i dtreo an fhásaigh.

16. Glaodh ar a raibh sa chathair chun dul sa tóir orthu agus nuair a chuadar sa tóir ar Iósua d'fhágadar an chathair féin gan chosaint.

17. Níor fágadh fear i Háí (ná i mBéitéil) nár ghabh amach ar thóir Iosrael; d'fhágadar an chathair ar leathadh agus leanadar Iosrael.

18. Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Sín an ga atá i do láimh i gcoinne Háí óir táim ar tí í a thabhairt i do láimh duit.” Agus shín Iósua an ga a bhí ina láimh aige i gcoinne na cathrach.

19. A luaithe a shín sé a lámh d'éirigh lucht an luíocháin go mear as a láthair agus ritheadar ar aghaidh agus isteach sa chathair leo; ghabhadar í agus chuireadar trí thine í gan mhoill.

20. Nuair a d'fhéach muintir Háí siar chonaiceadar an deatach ag éirí ón gcathair chun na spéire; ní raibh breith acu ar theitheadh mar seo ná mar siúd, mar an mhuintir a theith i dtreo an fhásaigh, d'fhilleadar ar ais ar an tóir.

21. Nuair a chonaic Iósua agus clann Iosrael go léir go raibh an chathair gafa ag lucht an luíocháin, agus deatach na cathrach ag éirí in airde, d'iompaíodar ar ais agus d'ionsaíodar muintir Háí.

22. Tháinig an dream eile amach as an gcathair ina n‑aghaidh chomh maith i dtreo go rabhadar teanntaithe ag na hIosraelaigh, cuid díobh seo ar thaobh agus an chuid eile ar an taobh eile. Thugadar fúthu go dtí nár fágadh fuíoll áir ná fear inste scéil díobh,

23. ach gur gabhadh rí Háí ina bheatha agus gur tugadh go Iósua é.

24. Nuair a bhí deireadh ag clann Iosrael ag eirleach mhuintir Háí go léir sa mhachaire agus san fhásach mar ar chuireadar i raon madhma iad, agus nach raibh duine díobh nach raibh sínte marbh de rinn claímh, d'fhill clann Iosrael go léir ar Háí agus d'imríodar faobhar claímh uirthi.

25. Ba é líon na ndaoine a thit an lá sin, idir fhir agus mhná, dhá mhíle dhéag. De mhuintir Háí iad uile.

26. Níor tharraing Iósua ar ais an lámh lenar shín sé an ga nó gur scrios sé lucht Háí go léir.

27. Níor thug clann Iosrael leo mar chreach as an gcathair sin ach a heallach agus a héadáil de réir an ordaithe a thug an Tiarna do Iósua.

28. Loisc Iósua Háí agus d'fhág ina fothrach follamh í go brach, mar atá sí inniu féin.

29. Chroch sé rí Háí ar chrann go nóin agus le dul faoi na gréine d'ordaigh sé a chorp a thógáil anuas den chrann. Caitheadh é ansiúd sa bhealach isteach ag geata na cathrach agus tógadh carn mór os a chionn, rud atá ansiúd fós inniu.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 8