Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 8:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat. Beir leat na fir chogaidh go léir agus suas leat go Háí. Seo é rí Háí agus a mhuintir agus a chathair agus a fhearann curtha faoi do láimh agam.

2. Déan le Háí agus lena rí mar a rinne tú le Ireachó agus lena rí. Maidir le creach, ná tógaigí ach a mhaoin agus a eallach daoibh féin. Cuir luíochán ar an gcathair i leith a cúil.”

3. Ansin d'éirigh Iósua agus a lucht cogaidh go léir chun ionsaí a dhéanamh ar Háí. Thogh Iósua tríocha mile gaiscíoch agus sheol uaidh iad i gcoim na hoíche,

4. leis na horduithe seo: “Féach, téigí i luíochán ar an gcathair i leith a cúil, ach ina cóngar; bígí ar bhur n‑aire.

5. Rachaidh mise agus a bhfuil de dhaoine i mo theannta faoi dhéin na cathrach; nuair a thiocfaidh siadsan amach inár gcoinne mar a rinneadar an chéad uair, teithfimid uathu.

6. Rachaidh siadsan sa tóir orainn agus meallfaimid ón gcathair iad agus iad á rá: ‘Tá siad ag teitheadh uainn mar a rinneadar an uair dheireanach.’ Teithfimidne rompu, más ea,

7. agus tiocfaidh sibhse as bhur luíochán agus gabhfaidh sibh an chathair, óir tabharfaidh an Tiarna bhur nDia ar láimh daoibh í.

8. Nuair a bheidh an chathair gafa agaibh, cuirigí trí thine í de réir aithne an Tiarna. Féachaigí chuige go ndéanfaidh sibh mar a d'ordaigh mé daoibh.”

9. Sheol Iósua chun siúil iad dá bhrí sin, agus chuadar chun an láthair luíocháin idir Béitéil agus Háí, laistiar de Háí. Chaith Iósua an oíche sin i measc an phobail.

10. D'éirigh Iósua go moch ar maidin, chuir sé tionól ar an bpobal agus chuir sé féin agus seanóirí Iosrael chun siúil roimh an bpobal i gcoinne Háí.

11. Ghabh na fir chogaidh go léir ina theannta suas os comhair na cathrach agus shuíodar a gcampa lastuaidh de Háí agus gleann idir iad agus Háí.

12. Thug sé leis timpeall cúig mhíle fear agus chuir i luíochán iad idir Béitéil agus Háí, laistiar den chathair.

13. Sin mar a suíodh an slua - campa an phobail lastuaidh den chathair agus lucht an luíocháin laistiar di; chaith Iósua an oíche sin sa ghleann féin.

14. Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 8