Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 7:8-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Cad tá le rá agam nuair atá a ndroim tugtha ag Iosrael lena naimhde?

9. Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”

10. D'fhreagair an Tiarna Iósua: “Bí i do sheasamh! Cad ab áil leat a bheith caite mar sin ar do bhéal agus ar d'fhiacla?

11. Rinne Iosrael peaca; sháraíodar an conradh a d'ordaigh mé dóibh; thógadar nithe a bhí curtha faoin mbang; rinneadar iad a ghoid, a cheilt agus a chur ina mála.

12. Sin é an fáth nach féidir le clann Iosrael seasamh in aghaidh a naimhde; thugadar droim lena naimhde mar go bhfuil siad féin tagtha faoin mbang. Ní fhanfaidh mé faraibh a thuilleadh mura ndéanfaidh sibh a bhfuil faoin mbang a dhíbirt as bhur measc.

13. Éirigh agus naomhaigh an pobal agus abair leo: ‘Naomhaígí sibh féin i gcomhair an lae amáraigh; mar deir an Tiarna Dia Iosrael: “Tá nithe atá faoin mbang in bhur measc féin; ní féidir daoibh choíche seasamh in aghaidh bhur naimhde nó go ndéanann sibh a bhfuil faoin mbang a scrios as bhur measc.”

14. Tagaigí i láthair dá bhrí sin ar maidin treibh ar threibh; agus an treibh ar a dtitfidh crann an Tiarna tagaidís i láthair fine ar fhine; agus an fine ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair teaghlach ar theaghlach; agus an teaghlach ar a dtitfidh crann an Tiarna, tagaidís i láthair duine ar dhuine.

15. An té a ghabhfar, agus ní atá faoin mbang ina sheilbh aige, loisctear sa tine é, é féin agus a bhfuil aige, mar gur sháraigh sé conradh an Tiarna agus go ndearna sé rud náireach in Iosrael.’ ”

16. D'éirigh Iósua go moch ar maidin agus thug Iosrael leis treibh ar threibh agus thit an crann ar threibh Iúdá.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 7