Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 7:17-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Thug sé leis finí Iúdá agus thit an crann ar fhine Zearach. Thug sé leis fine Zearach teaghlach ar theaghlach agus thit an crann ar theaghlach Zaibdí.

18. Ansin thug sé leis teaghlach Zaibdí, duine ar dhuine, agus thit an crann ar Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach.

19. Ansin dúirt Iósua le hÁcán: “Tabhair glóir don Tiarna, Dia Iosrael, a mhic, agus mol é; inis dom a bhfuil déanta agat agus ná ceil aon ní orm.”

20. Thug Ácán freagra ar Iósua: “Pheacaigh mé, pheacaigh sin, in aghaidh an Tiarna Dia Iosrael, agus seo mar rinne mé:

21. Nuair a chonaic mé, i measc na creiche, fallaing bhreá ó Shionár, agus dhá chéad seicil airgid, agus barra óir leathchéad seicil, chuir mé dúil iontu agus thóg mé iad. Tá siad i bhfolach, féach, faoin talamh istigh i mo bhoth; tá an t‑airgead in íochtar.”

22. Chuir Iósua teachtairí uaidh agus ritheadar seo chun na botha. Bhí an fhallaing i bhfolach sa bhoth agus an t‑airgead thíos fúithi.

23. Thógadar ón mboth iad agus thugadar i láthair Iósua agus seanóirí Iosrael iad, agus leagadar os comhair an Tiarna iad.

24. Ácán mac Zearach, an t‑airgead agus an fhallaing agus an barra óir, a mhic agus a iníonacha, a dhaimh, a asail, a chaoirigh, a bhoth agus a raibh aige - rug Iósua, agus clann Iosrael go léir ina theannta, iadsan go léir leis go Gleann an Mhí-Áidh (Ácór).

25. “Cad ina thaobh,” arsa Iósua, “gur thug tú mí-ádh sa mhullach orainn? Go dtuga an Tiarna mí-ádh sa mhullach ort féin inniu!” Agus ghabh Iosrael go léir air de chlocha; loisceadar le tine iad agus ghabhadar de chlocha orthu.

26. Thógadar carn mór cloch os a chionn, carn atá ann go dtí inniu féin. Ansin thug an Tiarna cúl le fraoch a fheirge. Uime sin tugadh Gleann an Mhí-Áidh ar an áit sin, agus sin é atá air go dtí inniu féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 7