Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 7:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ach sháraigh clann Iosrael an bang go héagórach. Ácán mac Chairmí mac Zaibdí mac Zearach de threibh Iúdá, leag sé lámh ar rud a tháinig faoin mbang, agus las fearg an Tiarna i gcoinne na nIosraelach.

2. Sheol Iósua buíon fear ó Ireachó go Háí (atá láimh le Béit Ávan) lastoir de Bhéitéil; dúirt sé leo: “Téigí suas agus déanaigí an tír a bhrath.” Ghabh na fir suas agus rinneadar Háí a bhrath.

3. D'fhilleadar ar Iósua agus dúradar leis: “Ná téadh an mhuintir ar fad suas, ach déanadh dhá mhíle nó trí ionsaí ar Háí. Ná cuir ualach an tsaothair sin ar an bpobal ar fad; ní mór díobh siúd ann.”

4. Ghabh timpeall trí mhíle den phobal suas dá bhrí sin, ach chuir muintir Háí an teitheadh orthu.

5. Mharaigh muintir Háí timpeall seisear déag ar fhichid díobh; ruaigeadar iad ó gheata na cathrach chomh fada le Seabáraím agus phleancadar iad agus iad ag dul le fána. Thit an lug ar an lag ar an bpobal agus theip ar fad ar a misneach.

6. Stoll Iósua a chuid éadaigh agus chaith é féin ar a bhéal agus ar a fhiacla os comhair áirc an Tiarna go tráthnóna; rinne seanóirí Iosrael mar an gcéanna agus chaitheadar uile luaithreach ar a gceann.

7. “Uch, a Thiarna Dia,” arsa Iósua, “cad a ba áil leat an mhuintir seo a thabhairt thar Iordáin ar aon chor d'fhonn sinn a thabhairt ar láimh do na hAmóraigh le scrios? Nárbh fhearr dúinn bheith sásta agus cur fuinn lastall den Iordáin!

8. Cad tá le rá agam nuair atá a ndroim tugtha ag Iosrael lena naimhde?

9. Óir cluinfidh na Canánaigh agus na dúchasaigh uile ina thaobh; cuirfidh siad le chéile inár n‑aghaidh agus scriosfaidh siad ár n‑ainm de chlár na talún. Cad a dhéanfaidh tú ar son d'ainm mhóir?”

10. D'fhreagair an Tiarna Iósua: “Bí i do sheasamh! Cad ab áil leat a bheith caite mar sin ar do bhéal agus ar d'fhiacla?

11. Rinne Iosrael peaca; sháraíodar an conradh a d'ordaigh mé dóibh; thógadar nithe a bhí curtha faoin mbang; rinneadar iad a ghoid, a cheilt agus a chur ina mála.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 7