Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 6:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Rinneadh gach rud mar a d'ordaigh Iósua don phobal: ghabh an seachtar sagart ar aghaidh ag iompar na seacht dtrumpaí adhairce reithe roimh an Tiarna, agus shéideadar a dtrumpaí; ina ndiaidh tháinig áirc chonradh an Tiarna.

9. Ghabh an t‑urgharda ar aghaidh roimh na sagairt leis na trumpaí agus tháinig an cúlgharda ar chúl na háirce; bhí na trumpaí dá séideadh gan stad.

10. Thug Iósua an t‑ordú seo leanas don phobal: “Ná déanaigí gáir agus ná bíodh gíocs asaibh ná focal as bhur mbéal go dtí an lá a déarfaidh mé libh: ‘Tógaigí an gháir chatha.’ Ansin tugaigí gáir.”

11. Ghabh áirc an Tiarna timpeall na cathrach de réir a orduithe; ní dhearna sí an timpeall ach aon uair amháin; ansin d'fhilleadar ar an gcampa agus chaitheadar an oíche ann.

12. D'éirigh Iósua go moch ar maidin agus thóg na sagairt leo áirc chonradh an Tiarna.

13. Ghabh na seacht sagairt ar aghaidh roimh áirc an Tiarna ag iompar na seacht dtrumpa adhairce reithe ag séideadh na dtrumpaí gan stad; ghabh an t‑urgharda rompu amach, agus an cúlgharda i ndiaidh áirc an Tiarna agus na trumpaí á séideadh gan stad.

14. An dara lá mháirseáladar timpeall na cathrach aon uair amháin agus d'fhilleadar ar an gcampa. Rinneadar amhlaidh sé lá.

15. Ar an seachtú lá d'éiríodar go moch ar bhreacadh an lae agus mháirseáladar seacht n‑uaire timpeall na cathrach ar an tslí chéanna: ar an lá sin amháin a mháirseáladar seacht n‑uaire.

16. An seachtú huair, nuair a shéid na sagairt na trumpaí, dúirt Iósua leis an bpobal: “Tugaigí an gháir, óir thug an Tiarna an chathair daoibh.

17. Ní foláir an chathair agus gach a bhfuil ann a thíolacadh faoi bhang an Tiarna; ná déantar anacal anama ach ar Rácháb an striapach - í féin agus líon a tí mar gur cheil sí na teachtairí a sheolamar.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 6