Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 6:16-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. An seachtú huair, nuair a shéid na sagairt na trumpaí, dúirt Iósua leis an bpobal: “Tugaigí an gháir, óir thug an Tiarna an chathair daoibh.

17. Ní foláir an chathair agus gach a bhfuil ann a thíolacadh faoi bhang an Tiarna; ná déantar anacal anama ach ar Rácháb an striapach - í féin agus líon a tí mar gur cheil sí na teachtairí a sheolamar.

18. Seachnaígí sibh féin ar na nithe tíolactha faoin mbang agus ná beirigí libh aon ní atá faoin mbang; d'fhágfadh sin campa uile Iosrael faoin mbang céanna agus thabharfadh sé buaireamh sa mhullach air.

19. An t‑airgead agus an t‑ór go léir, na gréithe cré-umha agus iarainn go léir, tá siad tíolactha don Tiarna agus ní foláir iad a chur i gciste an Tiarna.”

20. Lig an pobal gáir astu agus séideadh na trumpaí. Nuair a chuala an pobal glór an trumpa, ligeadar gáir thréan chatha astu is thit na ballaí ar lár ar an bpointe boise. Thug an pobal faoin gcathair ar an toirt, gach duine ag sá roimhe, agus ghabhadar an chathair.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 6