Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 6:14-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. An dara lá mháirseáladar timpeall na cathrach aon uair amháin agus d'fhilleadar ar an gcampa. Rinneadar amhlaidh sé lá.

15. Ar an seachtú lá d'éiríodar go moch ar bhreacadh an lae agus mháirseáladar seacht n‑uaire timpeall na cathrach ar an tslí chéanna: ar an lá sin amháin a mháirseáladar seacht n‑uaire.

16. An seachtú huair, nuair a shéid na sagairt na trumpaí, dúirt Iósua leis an bpobal: “Tugaigí an gháir, óir thug an Tiarna an chathair daoibh.

17. Ní foláir an chathair agus gach a bhfuil ann a thíolacadh faoi bhang an Tiarna; ná déantar anacal anama ach ar Rácháb an striapach - í féin agus líon a tí mar gur cheil sí na teachtairí a sheolamar.

18. Seachnaígí sibh féin ar na nithe tíolactha faoin mbang agus ná beirigí libh aon ní atá faoin mbang; d'fhágfadh sin campa uile Iosrael faoin mbang céanna agus thabharfadh sé buaireamh sa mhullach air.

19. An t‑airgead agus an t‑ór go léir, na gréithe cré-umha agus iarainn go léir, tá siad tíolactha don Tiarna agus ní foláir iad a chur i gciste an Tiarna.”

20. Lig an pobal gáir astu agus séideadh na trumpaí. Nuair a chuala an pobal glór an trumpa, ligeadar gáir thréan chatha astu is thit na ballaí ar lár ar an bpointe boise. Thug an pobal faoin gcathair ar an toirt, gach duine ag sá roimhe, agus ghabhadar an chathair.

21. Scriosadar a raibh sa chathair ar fad le faobhar claímh - fir agus mná, óg agus aosta, fiú na daimh, na caoirigh agus na hasail.

22. Dúirt Iósua leis an mbeirt a rinne an tír a bhrath: “Isteach libh i dteach na striapaí agus tugaigí libh amach as an bhean agus gach a mbaineann léi mar a mhionnaigh sibh di.”

23. Chuaigh na fir óga a rinne an spiaireacht isteach agus thugadar amach Rácháb agus a hathair agus a máthair agus a deartháireacha agus gach duine a bhain léi; thugadar amach a fine go léir agus d'fhágadar iad slán folláin lasmuigh de champa Iosrael.

24. Chuireadar an chathair agus a raibh inti trí thine, seachas an t‑airgead agus an t‑ór agus na gréithe cré-umha agus iarainn. Chuireadar iadsan i gciste theach an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 6