1. Bhí Ireachó daingnithe le barr cúraim in aghaidh chlann Iosrael; níor ghabh aon duine amach, níor ghabh aon duine isteach.
2. Ansin dúirt an Tiarna le Iósua: “Anois tá Ireachó agus a rí agus a ghaiscígh mhóra á dtabhairt ar láimh agam duit.
3. Téigí timpeall na cathrach, a laochra gaile, gabhaigí timpeall na cathrach aon uair amháin. Déan amhlaidh ar feadh sé lá.