Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 4:1-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí an pobal go léir gafa thar Iordáin anonn, dúirt an Tiarna le Iósua:

2. “Roghnaigh dáréag fear as an bpobal, fear as gach treibh,

3. agus tabhair an t‑ordú seo dóibh: ‘Tógaigí dhá chloch déag ón áit seo, ó leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart agus tugaigí anonn libh iad, agus fágaigí iad san áit ina gcuirfidh sibh fúibh anocht.’ ”

4. Ansin ghlaoigh Iósua ar an dáréag a roghnaigh sé as clann Iosrael, fear as gach treibh,

5. agus dúirt sé leo: “Ar aghaidh libh roimh áirc an Tiarna bhur nDia go lár na Iordáine, agus tógadh gach duine agaibh cloch ar a ghualainn, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael,

6. chun cuimhneachán a dhéanamh air seo in bhur measc; nuair a chuirfidh bhur gclann ceist oraibh sna blianta le teacht: ‘Cad é an chiall atá agaibh leis na clocha seo?’

7. déarfaidh sibhse leo: ‘Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d'imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.’ ”

8. Rinne clann Iosrael mar a dúirt Iósua leo; thógadar dhá chloch déag as leaba na Iordáine ag freagairt do líon treibheanna Iosrael, mar a dúirt an Tiarna le Iósua; thugadar anonn chun an champa iad agus leagadar ansiúd iad.

9. Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d'iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.

10. Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir

11. agus nuair a bhí an pobal go léir dulta anonn, ghabh áirc an Tiarna anonn, agus na sagairt ag ceann an phobail.

12. Ghabh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leath-threibh Mhanaise anonn faoi airm roimh chlann Iosrael amach mar a d'ordaigh Maois dóibh.

13. Ghabh timpeall daichead míle fear díobh faoi airm chatha thar abhainn anonn chun cogaidh, roimh an Tiarna, i dtreo mhachairí Ireachó.

14. An lá úd rinne an Tiarna gaiscíoch de Iósua i súile Iosrael go léir; bhí eagla orthu roimhe faoi mar a bhí roimh Mhaois gach lá dá shaol.

15. Dúirt an Tiarna le Iósua:

16. “Ordaigh do na sagairt atá ag iompar áirc na Fianaise teacht aníos as an Iordáin.”

17. Thug Iósua an t‑ordú do na sagairt dá bhrí sin: “Tagaigí aníos as an Iordáin.”

18. Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d'fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh. 18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 4