Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 3:10-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Dúirt Iósua: “Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.

11. Féach, tá áirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, le gabháil thar Iordáin romhaibh amach.

12. Toghaigí dáréag fear gan mhoill, dá bhrí sin, as treibheanna Iosrael, fear as gach treibh.

13. Na sagairt le háirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, a luaithe a leagfaidh siad boinn a gcos ar uiscí na Iordáine, stopfaidh uiscí na Iordáine ina gcúrsa, agus stadfaidh na huiscí uachtair in aon mheall amháin ar a gcúrsa anuas.”

14. Nuair a scoir na daoine campa chun gabháil thar Iordáin, thug na sagairt áirc an chonartha leo roimh an bpobal amach.

15. A luaithe a shroich lucht iompair na háirce an Iordáin agus gur bhain cosa na sagart a bhí á hiompar le himeall na n‑uiscí - bíonn an Iordáin ag cur thar a bruacha go léir le linn an fhómhair -

16. stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.

17. Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 3