Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 3:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Go luath ar maidin d'éirigh Iósua agus scoir an campa agus ar aghaidh leis ó Shitím agus muintir Iosrael go léir fairis. Shroicheadar bruach na Iordáine agus shuíodar campa ann roimh dhul anonn.

2. Faoi chionn trí lá ghabh na hoifigigh tríd an gcampa

3. agus thug na treoracha seo don phobal: “Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint

4. i dtreo go mbeadh a fhios agaibh cén treo ina bhfuil sibh le dul mar nár ghabh sibh an tslí seo riamh cheana. Ach bíodh spás timpeall dhá mhíle banlámh idir sibh féin agus an áirc; ná téigí ina gaire.”

5. Dúirt Iósua leis an bpobal: “Naomhaígí sibh féin, óir déanfaidh an Tiarna míorúiltí in bhur measc amárach.”

6. Agus dúirt Iósua leis na sagairt: “Tógaigí in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh libh roimh an bpobal.” Agus thógadar in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh leo roimh an bpobal.

7. Dúirt an Tiarna le Iósua: “Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir d'fhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois.

8. Agus tabhairse an t‑ordú seo do na sagairt a iompraíonn áirc an chonartha: ‘Nuair a shroichfidh sibh bruach uiscí na Iordáine stadaigí in bhur seasamh sa Iordáin féin.’ ”

9. Agus dúirt Iósua le clann Iosrael: “Druidigí i leith agus éistigí le briathra an Tiarna bhur nDia.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 3