Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 24:3-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Ansin thóg mé bhur n‑athair Abrahám ón taobh eile den Abhainn anall, á threorú trí thír uile Chanán. Mhéadaigh mé a shliocht agus thug mé Íosác do.

4. Thug mé Iacób agus Éasaú d'Íosác. Thug mé sléibhte Shaeír le sealbhú d'Éasaú, ach chuaigh Iacób agus a chlann síos chun na hÉigipte.

5. Ansin chuir mé uaim Maois agus Árón, gur chráigh mé an Éigipt leis na héachtaí a rinne mé ina measc; agus ina dhiaidh sin thug mé sibhse amach.

6. Thug mé bhur n‑aithreacha amach as an Éigipt agus tháinig sibhse chun na Farraige; chuaigh na hÉigiptigh sa tóir ar bhur n‑aithreacha le carbaid agus le marcshlua nó gur shroicheadar Muir na nGiolcach.

7. Nuair a ghlaoigh siad ar an Tiarna ansiúd, chuir sé scamall dorcha idir sibh agus na hÉigiptigh agus thug ar an muir teacht anuas sa mhullach orthu agus iad a bhá. Chonaic sibh a ndearna mé ar an Éigipt le bhur súile cinn féin, agus mhair sibh san fhásach ar feadh i bhfad.

8. Thug mé ina dhiaidh sin sibh go críoch na nAmórach, cine a bhí lonnaithe ar an taobh thall den Iordáin. Throid siadsan libh agus thug mé ar láimh daoibh iad ionas gur ghlac sibh seilbh ar a dtír mar gur scrios mé romhaibh iad.

9. Ansin is ea a d'eirigh Bálác mac Zipeor, rí Mhóáb, gur chuir sé cogadh ar Iosrael. Chuir sé fios ar Bhalám mac Bheór á iarraidh air mallacht a chur oraibh.

10. Ach ní éistfinn le Balám agus is amhlaidh a bheannaigh sé sibh, agus mar sin shaor mé óna láimh sibh.

11. Ghabh sibh thar an Iordáin ansin gur bhain sibh Ireachó amach. Chuir muintir Ireachó cath oraibh, rud freisin a rinne na hAmóraigh, na Pirizigh, na Canánaigh, na Hitigh, na Giorgáisigh, na Hivigh, na Iabusaigh; ach thug mé iad go léir ar láimh daoibh.

12. Chuir mé an cearnabhán chun tosaigh oraibh a ruaig an dá rí Amóracha romhaibh amach; níorbh é do chlaíomh ná do bhogha a rinne é sin.

13. Thug mé daoibh dúiche nár shaothraigh sibh féin inti, agus cathracha nach sibh a thóg iad, bíodh go gcónaíonn sibh iontu anois; itheann sibh toradh fíonghort agus garrán ológ nár phlandaigh sibh féin.’

14. “Bíodh eagla oraibh roimh an Tiarna anois dá bhrí sin agus fónaigí dó go dílis dáiríre. Cuirigí uaibh na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn agus san Éigipt, agus déanaigí fónamh don Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 24