Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 24:2-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Ansin dúirt Iósua leis an bpobal uile: “Mar seo a deir an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Bhí cónaí ar bhur n‑aithreacha taobh thall den Abhainn anallód - Tearach, is é sin, athair Abrahám agus Náchór - agus rinneadar fónamh do dhéithe eile.

3. Ansin thóg mé bhur n‑athair Abrahám ón taobh eile den Abhainn anall, á threorú trí thír uile Chanán. Mhéadaigh mé a shliocht agus thug mé Íosác do.

4. Thug mé Iacób agus Éasaú d'Íosác. Thug mé sléibhte Shaeír le sealbhú d'Éasaú, ach chuaigh Iacób agus a chlann síos chun na hÉigipte.

5. Ansin chuir mé uaim Maois agus Árón, gur chráigh mé an Éigipt leis na héachtaí a rinne mé ina measc; agus ina dhiaidh sin thug mé sibhse amach.

6. Thug mé bhur n‑aithreacha amach as an Éigipt agus tháinig sibhse chun na Farraige; chuaigh na hÉigiptigh sa tóir ar bhur n‑aithreacha le carbaid agus le marcshlua nó gur shroicheadar Muir na nGiolcach.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 24