Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 24:18-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Agus rud eile dhe, is é an Tiarna a thiomáin romhainn na ciníocha sin go léir, mar aon leis na hAmóraigh a raibh cónaí orthu sa tír. Uime sin a dhéanfaimidne mar an gcéanna fónamh don Tiarna óir is é ár nDia é.”

19. Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Ní féidir daoibh fónamh don Tiarna, óir is Dia naofa é; is Dia éadmhar é nach maithfidh daoibh bhur gcionta ná bhur bpeacaí.

20. Má thréigeann sibh an Tiarna chun fónamh do dhéithe coimhthíocha, iompóidh seisean oraibh agus déanfaidh sé dochar daoibh agus díothóidh sé sibh tar éis a ndearna sé de mhaith daoibh.”

21. Dúirt an pobal le Iósua: “Ní hea! Is don Tiarna a dhéanfaimid fónamh.”

22. Dúirt Iósua leis an bpobal ansin: “Is finnéithe sibh in bhur n‑aghaidh féin go bhfuil an Tiarna tofa agaibh chun fónamh dó.” Agus dúirt siadsan: “Is finnéithe sinn.”

23. “Cuirigí uaibh más ea,” ar seisean, “na déithe coimhthíocha atá agaibh agus tugaigí bhur gcroí don Tiarna, Dia Iosrael.”

24. D'fhreagair an pobal Iósua: “Is don Tiarna ár nDia a dhéanfaimid fónamh, agus is dá ghuth siúd a bheimid umhal.”

25. Uime sin rinne Iósua conradh leis an bpobal an lá sin, agus leag sé síos reachtanna agus foraitheanta dóibh ag Seicim.

26. Agus scríobh Iósua na briathra sin i leabhar dhlí Dé. Agus thóg sé gallán mór agus chuir sé ina sheasamh ansin é faoin dair a bhí i sanctóir an Tiarna.

27. Agus dúirt Iósua leis an bpobal go léir: “Féach! Beidh an gallán seo mar fhianaise inár n‑aghaidh, óir chuala sé na briathra go léir a labhair an Tiarna linn; uime sin beidh sé ina fhinné in bhur n‑aghaidh má shéanann sibh bhur nDia.”

28. Scaoil Iósua na daoine ar shiúl uaidh ansin agus d'fhill gach duine ar a oidhreacht féin.

29. Tar éis na nithe sin d'éag Iósua mac Nún seirbhíseach an Tiarna nuair a bhí deich mbliana agus céad slán aige.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 24