Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 22:8-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. agus dúirt leo: “Tá sibh ag filleadh abhaile lena lán maoine, le mórchuid eallaigh, le hairgead agus ór, le cré-umha agus iarann agus le flúirse éidí. Déanaigí creach seo bhur naimhde a roinnt ar bhur mbráithre chomh maith.”

9. D'imigh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leaththreibh Mhanaise abhaile arís. D'fhág siad clann Iosrael i Sileo i dtír Chanán, agus d'fhill ar ais ar dhúiche Ghileád, na tailte a bhain leo, mar ar chuir siad fúthu de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh ó bhéal Mhaois.

10. Nuair a shroich siad na ciorcail chloch ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, altóir mhór thaibhseach.

11. Fuair na hIosraelaigh gaoth an fhocail faoi seo: “Féach,” a deirtí, “thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ar theorainn thír Chanán, in aice na gciorcal cloch ag an Iordáin, ar thaobh thailte na nIosraelach.”

12. Arna chlos sin dóibh, thionól pobal Iosrael go léir ag Sileo le fonn cogadh a chur orthu.

13. Sheol clann Iosrael chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leath-threibh Mhanaise i dtír Ghileád, Píneachás sagart, mac Eileázár,

14. agus, mar aon leis, deichniúr ceannairí, ceannaire agus ceann fine as gach treibh in Iosrael; ba cheann fine ar chlanna Iosrael gach duine díobh.

15. Nuair a tháinig siad chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leaththreibh Mhanaise i dtír Ghileád, is é a dúirt siad seo leo:

16. “Mar seo a deir comhthionól uile an Tiarna libh: ‘Cén chealg í seo a rinne sibh in aghaidh Dia Iosrael? Cad ab áil libh ag casadh i leataobh ón Tiarna inniu, ag tógáil altóra agus ag déanamh ceannairce inniu in aghaidh an Tiarna?

17. Nár leor an peaca ag Peór, peaca nach bhfuil glanta ar fad dínn fós d'ainneoin na plá a tháinig dá bharr ar chomhthionól an Tiarna go léir?

18. De bhrí gur chas sibh i leataobh ón Tiarna a leanúint inniu, agus ceannairc a dhéanamh inniu in aghaidh an Tiarna, beidh seisean i bhfearg le comhthionól Iosrael go léir amárach.

19. An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 22