Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 22:3-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Níor thréig sibh bhur mbráithre le linn an fheachtais fhada seo, go dtí an lá seo féin, ach chomhlíon sibh go beacht orduithe an Tiarna, bhur nDia.

4. Tá suaimhneas tugtha ag an Tiarna, bhur nDia, do bhur mbráithre mar a gheall sé dóibh. Filligí dá bhrí sin agus ar ais abhaile libh mar a bhfuil bhur dtailte, na tailte a thug Maois, óglach an Tiarna, mar shealúchas daoibh lastall den Iordáin.

5. Féachaigí chuige le barr cúraim go gcomhlíonfaidh sibh na haitheanta agus an dlí a thug Maois, óglach an Tiarna, daoibh; bíodh grá agaibh don Tiarna, bhur nDia, leanaigí ar a chosáin i gcónaí, comhlíonaigí a aitheanta, bígí dílis dó agus déanaigí seirbhís dó ó chroí go hiomlán agus ó anam go hiomlán.”

6. Chuir Iósua a bheannacht orthu agus sheol uaidh iad agus d'imíodar leo abhaile.

7. Bhí tailte i mBáiseán tugtha ag Maois do leath-threibh Mhanaise; don leath eile thug Iósua tailte eile i measc a mbráithre ar bhruach thiar na Iordáine. Nuair a bhí Iósua á seoladh abhaile, chuir sé a bheannacht orthu

8. agus dúirt leo: “Tá sibh ag filleadh abhaile lena lán maoine, le mórchuid eallaigh, le hairgead agus ór, le cré-umha agus iarann agus le flúirse éidí. Déanaigí creach seo bhur naimhde a roinnt ar bhur mbráithre chomh maith.”

9. D'imigh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leaththreibh Mhanaise abhaile arís. D'fhág siad clann Iosrael i Sileo i dtír Chanán, agus d'fhill ar ais ar dhúiche Ghileád, na tailte a bhain leo, mar ar chuir siad fúthu de réir mar a d'ordaigh an Tiarna dóibh ó bhéal Mhaois.

10. Nuair a shroich siad na ciorcail chloch ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, thóg na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise altóir ag an Iordáin i gcríocha na gCanánach, altóir mhór thaibhseach.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 22