Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 22:17-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Nár leor an peaca ag Peór, peaca nach bhfuil glanta ar fad dínn fós d'ainneoin na plá a tháinig dá bharr ar chomhthionól an Tiarna go léir?

18. De bhrí gur chas sibh i leataobh ón Tiarna a leanúint inniu, agus ceannairc a dhéanamh inniu in aghaidh an Tiarna, beidh seisean i bhfearg le comhthionól Iosrael go léir amárach.

19. An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia.

20. Nuair a rinne Ácán mac Zearach feall ar iontaoibh maidir leis an mbang, nár tháinig fearg an Tiarna ar chomhthionól Iosrael go léir? Ní hé féin amháin a scriosadh de bharr a pheaca.’ ”

21. Ansin mar fhreagra ar chinn finí Iosrael dúirt na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise:

22. “Dia na ndéithe, an Tiarna, Dia na ndéithe, is maith atá a fhios ag an Tiarna, agus bíodh a fhios ag Iosrael chomh maith: má rinneamar ceannairc nó feall in aghaidh an Tiarna, ná déanadh sé anacal orainn inniu;

23. nó má thógamar altóir chun casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint, agus íobairtí uileloiscthe agus abhlanna agus íobairtí comaoineach a ofráil uirthi, go ndéana an Tiarna féin é a agairt orainn!

24. Ach le fírinne, rinneamar é le heagla go ndéarfadh bhur gclannsa lá éigin lenár gclannna: ‘Cén bhaint atá agaibhse leis an Tiarna, Dia Iosrael?

25. Nach ndearna an Tiarna teorainn den Iordáin idir sinne agus sibhse, a chlann Reúbaen agus a chlann Ghád? Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ Ar an gcaoi sin d'fhéadfadh bhur gclannsa a chosc ar ár gclann-na seirbhís a thabhairt don Tiarna.

26. Dúramar dá bhrí sin: ‘Tógaimís altóir anois, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí,

27. ach le bheith ina finné, idir sinne agus sibhse agus idir ár sliocht inár ndiaidh, go dtugaimid seirbhís don Tiarna lenár n‑íobairtí uileloiscthe agus ár n‑abhlanna agus ár n‑íobairtí comaoineach ina láthair, le heagla go mba fhéidir le bhur gclannsa a rá lenár gclann-na: “Níl cuid agaibh sa Tiarna.’ ”

28. Mheasamar dá ndéarfaí a leithéid sin linn féin nó lenár sliocht lá éigin le teacht, go ndéarfaimís: ‘Féach, an macasamhail seo d'altóir an Tiarna a rinne ár n‑aithreacha, ní le haghaidh ofrálacha uileloiscthe ná íobairtí, ach le bheith ina finné idir sibhse agus sinne.’

29. I bhfad uainne ceannairc a dhéanamh in aghaidh an Tiarna, nó casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint trí altóir a thógáil d'íobairt uileloiscthe nó d'abhlanna, nó d'íobairt chomaoineach, seachas altóir an Tiarna, ár nDia, a sheasann os comhair a bhotha!”

30. Nuair a chuala Píneachás sagart agus ceannairí an chomhthionóil, cinn finí Iosrael, a bhí in éineacht leis, na focail a dúirt clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise, d'aontaíodar leo le fonn.

31. Ansin dúirt Píneachás mac Eileázár sagart le clann Reúbaen, clann Ghád, agus clann Mhanaise: “Tá a fhios againn go dianmhaith anois go bhfuil an Tiarna inár measc, mar ní dhearna sibh an feall seo ar an Tiarna; tá clann Iosrael, más ea, fuascailte agaibh ó láimh an Tiarna.”

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 22