Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 22:14-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. agus, mar aon leis, deichniúr ceannairí, ceannaire agus ceann fine as gach treibh in Iosrael; ba cheann fine ar chlanna Iosrael gach duine díobh.

15. Nuair a tháinig siad chun na Reúbaenach, na nGádach, agus leaththreibh Mhanaise i dtír Ghileád, is é a dúirt siad seo leo:

16. “Mar seo a deir comhthionól uile an Tiarna libh: ‘Cén chealg í seo a rinne sibh in aghaidh Dia Iosrael? Cad ab áil libh ag casadh i leataobh ón Tiarna inniu, ag tógáil altóra agus ag déanamh ceannairce inniu in aghaidh an Tiarna?

17. Nár leor an peaca ag Peór, peaca nach bhfuil glanta ar fad dínn fós d'ainneoin na plá a tháinig dá bharr ar chomhthionól an Tiarna go léir?

18. De bhrí gur chas sibh i leataobh ón Tiarna a leanúint inniu, agus ceannairc a dhéanamh inniu in aghaidh an Tiarna, beidh seisean i bhfearg le comhthionól Iosrael go léir amárach.

19. An amhlaidh go bhfuil bhur bhfearann truaillithe? Tagaigí anall, más ea, go fearann an Tiarna mar a bhfuil Both an Tiarna ina seasamh anois, agus faighigí oidhreacht daoibh féin inár measc; ach ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna, agus ná déanaigí lucht ceannairce dínne chomh maith, le haltóir a thógáil daoibh féin seachas altóir an Tiarna ár nDia.

20. Nuair a rinne Ácán mac Zearach feall ar iontaoibh maidir leis an mbang, nár tháinig fearg an Tiarna ar chomhthionól Iosrael go léir? Ní hé féin amháin a scriosadh de bharr a pheaca.’ ”

21. Ansin mar fhreagra ar chinn finí Iosrael dúirt na Reúbaenaigh, na Gádaigh agus leath-threibh Mhanaise:

22. “Dia na ndéithe, an Tiarna, Dia na ndéithe, is maith atá a fhios ag an Tiarna, agus bíodh a fhios ag Iosrael chomh maith: má rinneamar ceannairc nó feall in aghaidh an Tiarna, ná déanadh sé anacal orainn inniu;

23. nó má thógamar altóir chun casadh i leataobh agus gan an Tiarna a leanúint, agus íobairtí uileloiscthe agus abhlanna agus íobairtí comaoineach a ofráil uirthi, go ndéana an Tiarna féin é a agairt orainn!

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 22