Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 18:7-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”

8. Chuir na fir chun bealaigh. Dúirt Iósua leo siúd a bhí le tuairisc a scríobh ar an tír: “Déanaigí an tír a iniúchadh ó cheann ceann agus tuairisc a scríobh air, agus filligí ansin orm. Cuirfidh mé ar cranna daoibh é anseo i láthair an Tiarna i Sileo.”

9. Rinne na fir an tír a iniúchadh ó cheann ceann, agus scríobhadar tuairisc air, baile ar bhaile, i seacht ranna, agus d'fhilleadar ar Iósua sa champa i Sileo.

10. Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.

11. Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo.

12. Ar an taobh thuaidh, thosaigh a dteorainn ag an Iordáin, ghabh suas gualainn thuaidh Ireachó, siar in airde trí na hardáin agus stad ag fásach Bhéit Ávan.

13. Ghabh an teorainn ó dheas as sin i dtreo Lúz, go slios Lúz - Béitéil anois - ansin síos go Atarót Adár ar an sliabh laisteas de Bhéit Horon Íochtarach.

14. Bhí cor sa teorainn ansin agus chas sí ó dheas laistiar ón gcnoc theas sall ó Bhéit Horon, agus stad ag Ciriat Bál, Ciriat Iáraím sé sin, cathair le treibh Iúdá. Sin é an taobh thiar.

15. Ar an taobh theas ghabh an teorainn ó imeall Chiriat Iáraím i dtreo [Ghaisin], agus go foinsí Uiscí Neaftóach.

16. Ghabh an teorainn ansin síos le taobh an tsléibhe sall ó Ghleann Bhein Hiniom, lastuaidh de mhachaire na Rafáím, ansin síos isteach i nGleann Hiniom, laisteas de ghualainn na Iabúsach síos amach go hÉan Rogael.

17. Chas sé ó thuaidh ansin agus ar aghaidh go hÉan Seimis agus as sin go dtí na clocháin chruinne sall ó Ard Adumaím.

18. Ar aghaidh léi ansin go Ceitif os comhair an Arabá, agus síos go dtí an tArabá agus go Lia Bhohan mac Reúbaen.

19. Ghabh sí as sin ó thuaidh thar ghualainn Bhéit Hoglá. Stad an teorainn ag bá thuaidh Mhuir an tSalainn, ag bun na Iordáine theas. Sin í an teorainn theas.

20. An Iordáin féin an teorainn thoir. Sin í oidhreacht chlann Bhiniáimin, agus na teorainneacha a chinntigh í mórthimpeall, ceann ar cheann.

21. Seo iad cathracha threibh chlann Bhiniáimin de réir a bhfiní: Ireachó, Béit Hoglá, Éimic Cizíz,

22. Béit Arabá, Zamáraím, Béitéil,

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 18