Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 18:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Chruinnigh tionól phobal uile Iosrael le chéile ag Sileo agus cóiríodh Both na Teagmhála ansiúd dóibh; bhí an tír uile faoina smacht agus faoina réir.

2. Bhí seacht dtreibheanna fós ar chlann Iosrael a bhí gan oidhreacht a fháil.

3. Ansin dúirt Iósua le clann Iosrael: “An fada eile an t‑am a chuirfidh sibh amú agus gan dul isteach agus seilbh a thógáil ar an bhfearann a thug an Tiarna, Dia bhur n‑aithreacha, daoibh?

4. Toghaigí triúr as gach treibh, agus déanfaidh mé iad a sheoladh síos agus suas faoin tír d'fhonn go scríobhfaidís tuairisc air le haghaidh é a roinnt agus filleadh orm.

5. Ní foláir daoibh an talamh a roinnt ina seacht ranna agus Iúdá ag fanacht ina dhúiche féin theas agus teaghlach Iósaef ina dhúiche féin thuaidh.

6. Déanaigí an fearann a roinnt faoi seacht in bhur dtuarascáil agus tuairisc a thabhairt anseo chugamsa i dtreo go gcuirfinn ar cranna é anseo daoibh i láthair an Tiarna, ár nDia.

7. Níl aon chuid ag na Léivítigh in bhur measc; sagartacht an Tiarna a gcuid. Tá a n‑oidhreacht faighte ag Gád, ag Reúbaen, agus ag leaththreibh Mhanaise thoir lastall den Iordáin, faoi mar a thug Maois, óglach an Tiarna, dóibh.”

8. Chuir na fir chun bealaigh. Dúirt Iósua leo siúd a bhí le tuairisc a scríobh ar an tír: “Déanaigí an tír a iniúchadh ó cheann ceann agus tuairisc a scríobh air, agus filligí ansin orm. Cuirfidh mé ar cranna daoibh é anseo i láthair an Tiarna i Sileo.”

9. Rinne na fir an tír a iniúchadh ó cheann ceann, agus scríobhadar tuairisc air, baile ar bhaile, i seacht ranna, agus d'fhilleadar ar Iósua sa champa i Sileo.

10. Chuir Iósua ar cranna dóibh é i láthair an Tiarna i Sileo, agus roinn sé an talamh ansiúd ar chlann Iosrael, a chion féin do gach dream díobh.

11. Thit a roinn féin le treibh Bhiniáimin de réir finí, agus tharla gur idir treibh Iúdá agus treibh Iósaef a bhí an roinn talún a thit leo.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 18