Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 15:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ansin ghabh an teorainn Gleann Bhein Hiniom suas ag teacht aneas ar shlios an Iabúsaigh (.i. Iarúsailéim); chuaigh an teorainn suas go mullach an tsléibhe a threasnaíonn Gleann Hiniom, laistiar, ag imeall thuaidh Ghleann Rafáím.

9. Chas an teorainn ó mhullach an tsléibhe i dtreo foinse Uiscí Neaftóach, agus as sin ar aghaidh go cathracha Shliabh Eafrón. Ansin chas sí i dtreo Bhálá (.i. Ciriat Iáraím).

10. Chuaigh an teorainn timpeall Bhálá siar go Sliabh Shaeír; ghabh sí thar shlios thuaidh Sliabh Iáraím (.i. Casálón); síos léi go Béit Seimis agus thar Timneá;

11. shín sí go gualainn an tsléibhe lastuaidh de Eacrón; chas an teorainn ansin i dtreo Shicearón, ghabh thar Sliabh Bhálá; ar aghaidh léi amach go Iabnael agus shroich ceann cúrsa ag an bhfarraige.

12. An Fharraige Mhór agus a feorainn an teorainn thiar. Sin é anois an teorainn timpeall an fhearainn a bronnadh ar chlann Iúdá de réir a bhfiní.

13. Tugadh cuid i measc chlann Iúdá, de réir mar a d'ordaigh an Tiarna do Iósua, do Chálaeb mac Iafuna .i. Ciriat Arba, príomhchathair na nAnacaím (.i. Heabrón anois).

14. Thiomáin Cálaeb triúr mac Anac amach aisti: Séisea, Aichímeán, agus Talmai, sliocht Anac.

15. Ghabh sé suas as sin in aghaidh lucht áitribh Dheibír, ar a dtugtaí Ciriat Saefar tráth.

16. Dúirt Cálaeb ansin: “Tabharfaidh mé m'iníon Acsá mar bhean don té a chloífidh agus a ghabhfaidh Ciriat Saefar.”

17. Ba é fear a ghabh í ná Oitníéil mac Canaz, deartháir Chálaeb; thug Cálaeb a iníon Acsá dó le pósadh.

18. Nuair a tháinig sí go dtí a fear, ghriog seisean í chun gort a iarraidh ar a hathair. Phreab sí dá hasal agus d'fhiafraigh Cálaeb di: “Cad tá uait?”

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 15