Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 13:6-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d'ordaigh mé duit.

7. Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]”

8. Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu

9. an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón;

10. na cathracha go léir a bhí ag Síochon rí na nAmórach a rialaigh i Heisbeón chomh fada le teorainn na nAmónach,

11. agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá;

12. i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad.

13. Níor dhíbir na hIosraelaigh na Geasúraigh ná na Mácátaigh; tá Geasúr agus Mácát ina gcuid d'Iosrael go dtí an lá inniu féin.

14. Treibh Léiví amháin nach bhfuair oidhreacht; (na híobairtí loiscthe do) an Tiarna Iosrael a n‑oidhreacht faoi mar a dúirt sé leo.

15. Thug Maois oidhreacht do threibh chlann Reúbaen de réir a bhfiní.

16. Ba iad seo a gcríocha: ó Aroéir ar imeall silteáin Arnón, agus an chathair i lár an choma, ardchlár Mhaedabá go léir,

17. le Heisbeón agus a cathracha go léir ar an ardchlár: Diobón, Bámót Bál, Béit Bál Meón,

18. Iahaz, Caedaemót agus Maefat,

19. Ciriataím, Suibmeá agus Zeirit Seahar ar ardáin an ghleanna;

20. Béit Peór ar shleasa Phisceá, agus Béit Isimiot,

21. cathracha an ardchláir go léir, is é sin, agus ríocht uile Shíochon rí na nAmónach, a rialaigh i Heisbeón; chloígh Maois eisean, agus taoisigh Mhidián - Eiví, Reicim, Zúr, Húr, agus Reaba, prionsaí le Síochon a bhí ag cur fúthu sa tír.

22. Maidir le Balám mac Bheór, an fear feasa, mharaigh clann Iosrael le faobhar claímh é fara an muintir eile ar a ndearnadar eirleach.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 13