Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 13:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí Iósua sean agus anonn sna blianta um an dtaca seo. Dúirt an Tiarna leis: “Tá an aois agat anois agus tá tú anonn sna blianta, ach tá a lán den tír fós le gabháil.

2. Seo é an fearann atá fós le gabháil: Críocha uile na bhFilistíneach, agus dúiche uile na nGeasúrach;

3. Áirítear mar fhearann Canánach ó Shíochór atá lastoir den Éigipt ó tfhuaidh go teorainn Eacrón: (tá cúigear taoiseach ar na Filistínigh, taoiseach ag Gazá, ag Aisdeod, ag Aiscileon, ag Gat, agus ag Eacrón. Tá na Havaím

4. laisteas). Dúiche uile na gCanánach ó Ará atá i seilbh na Síodónach go hAfaec agus go teorainn na nAmórach,

5. agus críocha na nGeabalach agus an Liobáin go léir soir ó Bhál Gád ag bun Sliabh Hearmón go Bealach Hamát.

6. An mhuintir go léir atá ag cur fúthu sna hardáin ón Liobáin siar go Misreafot Maím, na Síodónaigh go léir, tiomáinfidh mé amach iad roimh Iosrael; ach déansa an talamh a roinnt ar cranna ar chlann Iosrael mar oidhreacht, faoi mar a d'ordaigh mé duit.

7. Ní cás duit anois dá bhrí sin an fearann seo a roinnt ar na naoi dtreibheanna agus ar leath-threibh Mhanaise. [Tabhair dóibh ón Iordáin siar chun na Farraige Móire; beidh an Fharraige Mhór mar theorainn acu.]”

8. Fuair na Reúbaenaigh agus na Gádaigh [mar aon le leath-threibh eile Mhanaise] an oidhreacht a thug Maois óglach an Tiarna dóibh lastall den Iordáin soir amach. Bhronn Maois óglach an Tiarna orthu

9. an dúiche soir óAroéir ar imeall silteán Arnón, agus ón gcathair i lár an choma, agus ardchlár Mheadabá go léir chomh fada le Díobón;

10. na cathracha go léir a bhí ag Síochon rí na nAmórach a rialaigh i Heisbeón chomh fada le teorainn na nAmónach,

11. agus Gileád agus dúiche na nGeasúrach agus na Mácátach, Sliabh Hearmón go léir agus Báiseán go léir go Salacá;

12. i mBáiseán, ríocht uile Óg a rialaigh in Aisteárót agus in Eidreí, agus arbh é iarmhar uaigneach na Rafáím é; chloígh Maois iadsan agus thiomáin as a seilbh iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 13