Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 11:8-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Thug an Tiarna ar láimh d'Iosrael iad; bhriseadar orthu agus chuadar sa tóir orthu siar chomh fada le Síodón Mhór agus Misreafot Maím agus soir chomh fada le Gleann Mhizpeá. Bhíodar á bpleancadh go dtí nár fágadh fear inste scéil díobh.

9. Rinne Iósua leo mar a d'ordaigh an Tiarna; ghearr sé speireacha a n‑each agus dhóigh sé a gcarbaid.

10. D'fhill Iósua ansin agus ghabh sé Házór agus d'imir faobhar claímh ar a rí. Bhí ceannas ag Házór ar na ríochtaí sin go léir tráth.

11. Chuireadar chun báis de rinn claímh gach dúil bheo inti, agus iad faoin mbang. Níor fágadh duine inti le hanáil na beatha ann agus ansin loisc sé Házór.

12. Ghabh Iósua cathracha na ríthe sin go léir agus a ríthe go léir; d'imir sé faobhar claímh orthu agus iad curtha faoin mbang, faoi mar a d'ordaigh Maois óglach an Tiarna.

13. Níor loisc Iosrael aon chathair díobh siúd go léir ar a dtulaigh, seachas Házór amháin a chuir Iósua trí thine.

14. Thug muintir Iosrael leo mar chreach éadáil agus eallach na gcathracha sin; d'imríodar faobhar claímh ar gach daonnaí, agus scriosadar iad go léir; níor fhágadar fiú duine agus anáil na beatha ann.

15. Gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois a óglach, thug seisean mar ordú do Iósua, agus chuir Iósua i gcrích é, gan faillí a dhéanamh ar aon ní dár ordaigh an Tiarna do Mhaois.

16. Fuair Iósua seilbh ar an tír sin go léir, na hardáin, an Neigib go léir, agus fearann uile Ghoisin, na hísleáin, an tArabá, ardáin agus ísleáin Iosrael.

17. Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 11