Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iósua 11:15-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Gach ar ordaigh an Tiarna do Mhaois a óglach, thug seisean mar ordú do Iósua, agus chuir Iósua i gcrích é, gan faillí a dhéanamh ar aon ní dár ordaigh an Tiarna do Mhaois.

16. Fuair Iósua seilbh ar an tír sin go léir, na hardáin, an Neigib go léir, agus fearann uile Ghoisin, na hísleáin, an tArabá, ardáin agus ísleáin Iosrael.

17. Ó Shliabh Hálác a éiríonn i dtreo Shaeír chomh fada le Bál Gád in nGleann na Liobáine faoi scáth Hearmón, ghabh sé na ríthe go léir, threascair iad agus bhásaigh iad.

18. Chuir Iósua cogadh ar na ríthe sin go léir ar feadh i bhfad.

19. Ní dhearna cathair síocháin le clann Iosrael ach na Hivigh a mhair i nGibeón; i gcath a fuaireadar an lámh uachtair ar an gcuid eile go léir.

20. Ba é deonú an Tiarna a gcroíthe a chruadh chun go rachaidís chun catha in aghaidh Iosrael d'fhonn go gcuirfí gan taise faoin mbang iad agus go scriosfaí iad mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.

21. Ansin tháinig Iósua agus scrios sé na hAnácaím ó na hardáin, ó Heabrón, ó Dheibír, ó Anáb, ó ardáin Iúdá go léir agus ó ardáin Iosrael go léir; chuir sé iad féin agus a gcathracha faoin mbang.

22. Níor fágadh aon Anácaím i bhfearainn chlann Iosrael ach ag Gazá, Gat, agus Aisdeod.

23. Fuair Iósua seilbh ar an tír ar fad, faoi mar a dúirt an Tiarna le Maois, agus thug sé é d'Iosrael mar oidhreacht de réir mar a bhíodar roinnte ina dtreibheanna. Agus bhí sos ó chogadh ag an tír.

Léigh chaibidil críochnaithe Iósua 11