5. Na cúig ríthe Amóracha .i. rí Iarúsailéim, rí Heabrón, rí Iarmút, rí Láicís, agus rí Eaglón - chruinníodar a sluaite le chéile agus ghluaiseadar chun bóthair lena n‑airm go léir; rinneadar léigear ar Ghibeón agus d'ionsaíodar é.
6. Chuir muintir Ghibeón scéala chun Iósua ina champa i nGilgeál á rá: “Ná tréig do shearbhóntaí; brostaigh anseo aníos chugainn chun sinn a fhuascailt agus fóirithint orainn mar go bhfuil ríthe na nAmórach go léir atá ag cur fúthu sna hardáin cruinnithe le chéile inár n‑aghaidh.”
7. Ghabh Iósua féin suas ó Ghilgeál dá réir sin, agus a lucht cogaidh go léir fairis, agus na gaiscígh go léir.
8. Dúirt an Tiarna le Iósua: “Ná bíodh aon eagla ort rompu seo, mar thug mé i do láimh duit iad; ní fhéadfaidh oiread agus duine díobh an fód a sheasamh i do choinne.”
9. Mháirseáil Iósua ó Ghilgeál ar feadh na hoíche dá bhrí sin agus tháinig sé orthu aniar aduaidh.
10. Chuir an Tiarna i raon maidhme iad roimh chlann Iosrael agus rinneadar ár agus eirleach orthu i nGibeón. Chuir an Tiarna tóir orthu ar feadh chonaire Bhéit Horon agus bhí á gciapadh chomh fada le hAzaecá agus Macaedá.