Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióna 3:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Labhraíodh briathar an Tiarna le Ióna athuair:

2. “Éirigh! Gread leat go dtí cathair mhór Nínivé agus fógair ina haghaidh an t‑oracal a thabharfaidh mé duit.”

3. D'éirigh Ióna ach an uair seo as go brách leis go Nínivé faoi mar a d'ordaigh an Tiarna dó. Dar ndóigh, cathair as cuimse mór ba ea Nínivé; thógfadh sé trí lá ó dhuine í a thrasnú.

4. Isteach le Ióna sa chathair agus is ar éigean a bhí turas aon lae amháin siúlta aige agus an t‑oracal seo á fhógairt aige: “I gceann daichead lá eile scriosfar Nínivé,”

5. nuair a chreid muintir Nínivé i nDia. D'fhógair siad troscadh agus chuir siad go léir, idir uasal agus íseal sacéadach orthu féin.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióna 3