Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 2:8-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Ní bhuaileann siad le chéilemar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin.Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracáni ranganna gan briseadh.

9. Ionsaíonn siad an chathair,ritheann siad ar an mballa,dreapann siad suas ar na titheagus déanann siad a mbealach isteach trína fuinneoga ar nós gadaithe.

10. Tá an talamh ar crithagus na spéartha suaite rompu;tá an ghrian agus an ghealach ag dorchúagus na réaltaí ag cailleadh a ngile.

11. Ardaíonn an Tiarna a ghlórar thosach a shlua;is do-áirithe an t‑arm atá aigeagus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe.Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin.Cé atá in ann a fhulaingt?

12. “Ach anois féin,” a deir an Tiarna,“filligí ormsa le lándúthracht bhur gcroíagus sibh ar troscadh agus ag gol agus ag olagón;

13. agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.”Filligí chun an Tiarna, bhur nDia,mar tá sé truachroíoch agus trócaireach,mall chun feirge agus lán de bhuanghráagus is aithreachas dó an t‑olc.

14. Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arísagus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidhsa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibhle haghaidh an Tiarna bhur nDia.

15. Séidigí an stoc i Síón!Ordaígí troscadh!Fógraígí comóradh sollúnta!

16. Cruinnigí an pobal,ordaígí tionól,bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile,fiú na naíonáin chíche féin.Imíodh an nuachéile as a sheomraagus an nuachar as a cailleach.

17. Idir an póirse agus an altóirgoileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís:“Coigil do phobal, a Thiarna;ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht,í ina staicín aiféise i measc na náisiún.Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin:‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”

18. Tháinig tocht díograise ar an Tiarna dá thíragus ghlac sé trua dá phobal.

19. D'fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt:“Féach, tá arbhar agus úrfhíonagus ola nua á gcur chugaibh agamagus beidh bhur ndóthain díobh agaibhagus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbharís go deo os comhair na náisiún.

20. Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh;tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é,a thosach go dtí Muir an Oirthiragus a dheireadh go dtí Muir an Iarthairagus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidhmar tá éachtaí oilc déanta aige.

21. “A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta!Bíodh áthas ort agus gairdeas!Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna.

22. Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread,a bheithíocha an mhachaire!Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arísagus na crainn trom faoi thorthaíagus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 2