Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 2:6-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Tá na daoine ag cúbadh rompu le teann duainéise:iompaíonn a lí orthu uile.

7. Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre;amhail fir chogaidh dreapann siad an balla;téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féinagus ní chlaonann siad óna raon.

8. Ní bhuaileann siad le chéilemar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin.Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracáni ranganna gan briseadh.

9. Ionsaíonn siad an chathair,ritheann siad ar an mballa,dreapann siad suas ar na titheagus déanann siad a mbealach isteach trína fuinneoga ar nós gadaithe.

10. Tá an talamh ar crithagus na spéartha suaite rompu;tá an ghrian agus an ghealach ag dorchúagus na réaltaí ag cailleadh a ngile.

11. Ardaíonn an Tiarna a ghlórar thosach a shlua;is do-áirithe an t‑arm atá aigeagus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe.Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin.Cé atá in ann a fhulaingt?

12. “Ach anois féin,” a deir an Tiarna,“filligí ormsa le lándúthracht bhur gcroíagus sibh ar troscadh agus ag gol agus ag olagón;

13. agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.”Filligí chun an Tiarna, bhur nDia,mar tá sé truachroíoch agus trócaireach,mall chun feirge agus lán de bhuanghráagus is aithreachas dó an t‑olc.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 2