Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 2:19-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. D'fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt:“Féach, tá arbhar agus úrfhíonagus ola nua á gcur chugaibh agamagus beidh bhur ndóthain díobh agaibhagus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbharís go deo os comhair na náisiún.

20. Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh;tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é,a thosach go dtí Muir an Oirthiragus a dheireadh go dtí Muir an Iarthairagus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidhmar tá éachtaí oilc déanta aige.

21. “A thalaimh, ná bíodh eagla ort feasta!Bíodh áthas ort agus gairdeas!Óir, tá éachtaí déanta ag an Tiarna.

22. Ná bíodh eagla oraibhse ach oiread,a bheithíocha an mhachaire!Mar tá tailte féaraigh na steipeanna glas arísagus na crainn trom faoi thorthaíagus an crann fígí agus an fhíniúin ag tabhairt a gcuid saibhris uathu.

23. “A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibhar son an Tiarna, bhur nDia.Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibhmar is é is cóir;agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh,fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.

24. Tá na hurláir bhuailte lán d'arbharagus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.

25. Tabharfaidh mé daoibh a dhá oireadden mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaireagus an scriostóir agus an gearrthóir,m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.

26. “Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách.Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia,a chaith chomh fial sin libh(agus ní náireofar mo phobal arís go deo).

27. Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael.Is mise an Tiarna, bhur nDia,agus níl aon Dia eile ann ach mé.Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 2