Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 2:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Séidigí an stoc i Síón!Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa!Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre!Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.

2. Lá dorchadais agus doiléire!Lá scamall agus dúnéalta!Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidirag leathadh thar na sléibhte;ní raibh a leithéid ann riamhná ní bheidh a leithéid ann arísgo ceann na gcianta cairbreacha.

3. Rompu amach tá tine ag ídiú léiagus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh.Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidinach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh;ní théann aon ní slán uathu.

4. Cruth capall a gcruthagus réabann siad leo ar aghaidh ar nós eachra cogaidh.

5. Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibhdéanann siad torann mar thormáil carbadnó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinlighnó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.

6. Tá na daoine ag cúbadh rompu le teann duainéise:iompaíonn a lí orthu uile.

7. Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre;amhail fir chogaidh dreapann siad an balla;téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féinagus ní chlaonann siad óna raon.

8. Ní bhuaileann siad le chéilemar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin.Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracáni ranganna gan briseadh.

9. Ionsaíonn siad an chathair,ritheann siad ar an mballa,dreapann siad suas ar na titheagus déanann siad a mbealach isteach trína fuinneoga ar nós gadaithe.

10. Tá an talamh ar crithagus na spéartha suaite rompu;tá an ghrian agus an ghealach ag dorchúagus na réaltaí ag cailleadh a ngile.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 2