Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 1:6-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Óir, tá scaoth chumhachtach gan áireamhtar éis ionradh a dhéanamh ar mo thír.Fiacla leoin a bhfiaclaagus is starrfhiacla banleoin atá acu.

7. Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúnaagus scéalp siad mo chrainn fígí;bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad;is bán iad a ngéaga anois.

8. Caoin thú féin mar a dhéanfadh maighdean a bheadh gléasta i sacéadachar son céile a hóige.

9. Ní dhéantar ofráil arbhair ná íobairt dí níos mói dteach an Tiarna.Caoinigí, a shagarta, a lucht friotháilte an Tiarna!

10. Tá na páirceanna bánaitheagus an talamh triomaithe;óir, scriosadh an t‑arbharagus tá an t‑úrfhíon ag dul i ndíscagus tá meath ag teacht ar an ola nua.

11. Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí!Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna,faoin gcruithneacht agus faoin eornamar tá fómhar na ngort millte.

12. Tá an fhíniúin slabhcthaagus an crann fígí ag meath.Tá an phomagránait agus an phailm agus an crann úllagus crainn uile na tíre seargthaagus an sult súite as croíthe na ndaoine.

13. Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta,agus canaigí caoineadh!Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra!Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach,a fhriothálaithe mo Dhé,mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dídíbeartha as teach bhur nDé.

14. Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta!Bailígí le chéile, a sheanóirí,áitritheoirí uile na tíre,isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.

15. Faraor! Cad é mar lá!Óir, tá lá an Tiarna in achmaireachtagus is mar spréach ón spéir a theacht.

16. Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl?Nár díbríodh an t‑áthas agus an lúcháir as teach ár nDé?

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 1