Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 1:2-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Éistigí leis seo, a sheanóirí!Tugaigí cluas, a áitritheoirí uile na tíre!Ar tharla a leithéid seo riamh le bhur linn féinnó le linn bhur sinsear?

3. Insígí do bhur gclann éagus insíodh bhur gclann dá sliocht féin éagus insíodh a sliochtsan é do ghlúin eile fós.

4. Cibé rud a d'fhág an gearrthóird'alp an lócaiste éagus cibé rud a d'fhág an lócaisted'alp an preabaire éagus cibé rud a d'fhág an preabaired'alp an scriostóir é.

5. Dúisígí, a mheisceoirí, agus goiligí!Déanaigí olagón faoi shú na bhfíniúna,a lucht olta an fhíona,mar nach bhfuil fliuchadh bhur mbéil de ann!

6. Óir, tá scaoth chumhachtach gan áireamhtar éis ionradh a dhéanamh ar mo thír.Fiacla leoin a bhfiaclaagus is starrfhiacla banleoin atá acu.

7. Rinne siad léirscrios ar mo chuid fíniúnaagus scéalp siad mo chrainn fígí;bhain siad an choirt go léir díobh agus leag iad;is bán iad a ngéaga anois.

8. Caoin thú féin mar a dhéanfadh maighdean a bheadh gléasta i sacéadachar son céile a hóige.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 1