Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 1:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta,agus canaigí caoineadh!Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra!Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach,a fhriothálaithe mo Dhé,mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dídíbeartha as teach bhur nDé.

14. Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta!Bailígí le chéile, a sheanóirí,áitritheoirí uile na tíre,isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.

15. Faraor! Cad é mar lá!Óir, tá lá an Tiarna in achmaireachtagus is mar spréach ón spéir a theacht.

16. Nár imigh an bia ar ceal os comhair ár súl?Nár díbríodh an t‑áthas agus an lúcháir as teach ár nDé?

17. Tá na síolta seargtha faoi na fóidagus na hiothlanna folamh agus na sciobóil scriostamar gur mheath an t‑arbhar.

18. Cad é mar a chneadann na beithígh!Tá na sealbháin bó ar miremar níl féarach ar bith acu;agus fiú amháin na tréada caorach féintá aithne na héigne faighte acusan chomh maith.

19. Is ortsa a ghlaoim, a Thiarna,mar tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadhagus tá lasair tar éis crainn uile na tíre a dhó.

20. Fiú amháin beithígh an mhachaire féin tá siad ag tnúthán leat.Óir, tá na claiseanna uisce imithe i ndíscagus tá tine tar éis tailte féaraigh na steipeanna a mhilleadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 1