Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Ióéil 1:11-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Bíodh ceann faoi oraibhse, a fheirmeoirí!Déanaigí olagón, a shaothróirí fíniúna,faoin gcruithneacht agus faoin eornamar tá fómhar na ngort millte.

12. Tá an fhíniúin slabhcthaagus an crann fígí ag meath.Tá an phomagránait agus an phailm agus an crann úllagus crainn uile na tíre seargthaagus an sult súite as croíthe na ndaoine.

13. Cuirigí sacéadach oraibh, a shagarta,agus canaigí caoineadh!Déanaigí olagón, a lucht friotháilte na haltóra!Téanaigí, caithigí an oíche i sacéadach,a fhriothálaithe mo Dhé,mar tá an ofráil arbhair agus an íobairt dídíbeartha as teach bhur nDé.

14. Ordaígí troscadh! Fógraígí comóradh sollúnta!Bailígí le chéile, a sheanóirí,áitritheoirí uile na tíre,isteach i dteach an Tiarna, bhur nDia. Glaoigí air.

15. Faraor! Cad é mar lá!Óir, tá lá an Tiarna in achmaireachtagus is mar spréach ón spéir a theacht.

Léigh chaibidil críochnaithe Ióéil 1