Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 8:7-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Is íseal a thaibhseoidh do staid ó chiana duit,Agus is mór a bheidh do chonách níos déanaí.

8. Cuir ceist ar an nglúin a d'imigh romhat,Agus tabhair aird ar sheanchas a sinsear -

9. Fás aon lae sinne, gan aon eolas;Níl inár ré ar talamh ach scáil -

10. Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat,Agus briathra mar seo á rá ó chroí:

11. An bhfásann an phaipir gan bhogach?An mbláthaíonn geitirí gan uisce?

12. Staith iad agus iad fós i mbarr a nglaise,Mar is túisce a fheonn siad ná aon lusra.

13. A dhála sin ag cinniúint lucht dearmaid Dé,Agus mar sin a théann dóchas an choirpigh ar ceal

14. Níl ina mhuinín ach tráithnín,Agus ina mhisneach ach líon damhán alla.

15. Cuireadh sé gualainn lena theach agus ní sheasóidh sé.Leagadh sé lámh air, ach ní mhairfidh sé.

16. Bláthaíonn sé mar phlanda faoin ngréin,Agus sceitheann a phéacaí ar fud a luibhghoirt.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 8