Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 7:3-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairgegur gearradh amach dom oícheanta buartha.

4. I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?”Ar m'éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?”Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.

5. Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air;Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.

6. Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra,Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.

7. Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála;Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.

8. An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó.Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.

9. Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal,Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.

10. Ní thagann sé abhaile arís,Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.

11. Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga,Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh.Beidh mé ag cáiseamh agus m'anam faoi dhoilíos.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 7