Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 7:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nach bhfuil tréimhse dianseirbhíse ag an duine ar talamh?Agus nach cosúil a laethanta le laethanta amhais?

2. Mar dhaor a shantaíonn an scáth,Agus mar amhas a iarrann luach a shaothair.

3. Is amhlaidh a dátaíodh dom míonna mairgegur gearradh amach dom oícheanta buartha.

4. I mo luí dom deirim: “Cá huair a thiocfaidh an lá?”Ar m'éirí dom deirim arís: “Cá huair a thiocfaidh an oíche?”Agus bím do mo chiapadh go comhrac lae agus oíche.

5. Tá míola ag snámh ar mo chorp agus salachar ina bhrat air;Tá mo chraiceann ag scoilteadh agus ag leá leis.

6. Is luaithe mo laethanta ná fearsad fíodóra,Agus tá siad arna gcríochnú gan dóchas.

7. Á, cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála;Ní fheicfidh mo shúile sonas go deo arís.

8. An tsúil a chonaic mé, ní fheicfidh sí mé níos mó.Casfaidh do shúil i mo threo, ach beidh mé ar iarraidh.

9. Mar a scaipeann an néal, agus a imíonn sé ar ceal,Sin mar nach bhfillfidh aníos an té a théann síos go Seól.

10. Ní thagann sé abhaile arís,Agus ní aithneoidh a áitreabh é a thuilleadh.

11. Uime sin ní chuirfidh mé cosc le mo theanga,Labhróidh mé agus mo spiorad á bhuaireamh.Beidh mé ag cáiseamh agus m'anam faoi dhoilíos.

12. An mé an Mhuir nó an OllphiastA rá is go gcuirfeá lucht faire i mo chúram?

13. Má deirim: “Tabharfaidh mo leaba faoiseamh dom,Agus déanfaidh mo tholg mo phian a bhogadh,”

14. Ansin cuireann tú scéin orm le brionglóidíAgus scanradh le físeanna,

15. I dtreo gur fearr le m'anam folathachtadh,Agus an bás féin ná [caidreamh le] mo chnámha

16. Nuair a rachaidh mé in éag, ní thiocfaidh anam ionam go brách.Lig dom féin, mar níl i mo ré ach puth.

17. Cad tá sa duine le go ndéanfá mór níos fiú de?Nó go dtógfá ceann de?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 7