Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 6:20-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Cuirtear díomá orthu cé go raibh misneach acu;Tagann siad ansiúd, ach loictear orthu.

21. A rá is go bhfuil sibh anois gan mhisneach,Go bhfeiceann sibh uafás agus go bhfuil scéin oraibh.

22. An ndúirt mé libh: “Tugaigí dom!”Nó: “Tugaigí breab ar mo shon as bhur maoin!”

23. Nó: “Fuasclaigí mé ó láimh an namhad.”Nó: “Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!”?

24. Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost;Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú.

25. Nach bríomhar iad briathra ionraice!Ach cén tairbhe ceartú uaibhse?

26. An fiú libh focail a cháineadh,Focail éadóchais a imíonn le gaoth?

27. Is gearr go mbeidh an dílleachta á chur ar cranna agaibh,Agus bhur gcara á dhíol agaibh ina shladmhargadh.

28. Ach féachaigí orm, anois, le bhur dtoil.Ar ndóigh ní inseoidh mé bréag le bhur mbéal!

29. Filligí orm anois agus ná déantar éagóir!Sea, filligí, tá mo chúis fós gan breith.

30. An bhfuil éitheach i mo bhéal?Nach n‑aithneodh mo charball blas an mhí-áidh?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 6