Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 5:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Cuir do ghlao suas anois; an bhfuil aon duine le freagra a thabhairt ort?Cé acu do na [haingil] chuig a gcasfaidh tú?

2. Maraíonn an faltanas an t‑amadánAgus básaíonn an formad an duine baoth.

3. Nuair a chonaic mé duine ceanndána,Chuir mé mo mhallacht ar a áitreabh gan mhoill:

4. “Is fada a bheidh an conách óna chlann;brúfar sa gheata iad, gan fear a dtarrthála.

5. Beidh cíocras air chun a fhómhair,Ach scuabfaidh Dia ar shiúl é le haicíd.Beidh siad ag tnúthán lena maoin, agus íota orthu.”

6. Óir ní eascrann urchóid ón ithir,Ná ní phéacann anró as an talamh,

7. Ach sé an duine a ghineann anró dó féin,Mar a eitlíonn na badhbha in airde.

8. Uime sin is chun Dé a ghairmfinnAgus is dó a nochtfainn mo chúis;

9. (Déanann seisean éachtaí gan áireamh,Iontais nach féidir a ríomh.)

10. Dáileann sé fearthainn ar an talamhAgus seolann uiscí ar na bánta.

11. Ardaíonn sé na daoine ísleAgus tógann lucht an bhróin go buaic an áthais.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 5