Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 42:9-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. D'imigh Eilífeaz óThéamán, Bildead ó Shiúach, agus Zófár ó Namát, leo d'fhonn déanamh mar a d'ordaigh an Tiarna, agus ghlac an Tiarna le guí Iób.

10. Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób.

11. A dheartháireacha go léir agus a dheirfiúracha go léir, agus gach duine a raibh aithne acu air roimhe sin tháinig siad go léir á fhiosrú, agus shuigh siad chun boird leis ina theach. Bhí siad go báúil cneasta leis, ag tabhairt sóláis dó de bharr an oilc go léir a thug an Tiarna sa mhullach air. Thug gach duine díobh bonn airgid agus fáinne óir dó.

12. Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige.

13. Agus bhí seachtar mac agus triúr iníon aige.

14. Thug sé Imíomá ar an gcéad iníon, Cizíá ar an dara hiníon, agus Ceirin Hapúc ar an tríú hiníon.

15. Agus ní raibh le fáil sa tír uile mná chomh sciamhach le hiníonacha Iób.Agus thug a n‑athair oidhreacht dóibh i measc a ndeartháireacha.

16. Agus mhair Iób ina dhiaidh sin nó go raibh sé céad agus daichead bliain, go bhfaca a chlann féin agus clann a chlainne go dtí an ceathrú glúin. Agus mar sin d'éag Iób sa deireadh agus é ina sheanóir agus anonn sna blianta lána.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 42