Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 41:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Táid i ngar dá chéile,I dtreo nach dtéann aer eatarthu.

9. Táid i ngreim ina chéile,I dtreo go bhfuil siad go dlúth ina n‑aonad.

10. Nuair a ligeann sé sraoth, bladhmann solas uaidh,Agus bíonn a shúile mar dheargadh an dá néal.

11. Tagann lóchrainn lonracha as a bhéal,Agus preabann mar a bheadh spréanna tine as.

12. Tagann gal óna pholláiríMar a bhíonn ó choire ar fiuchadh ar an tine.

13. Cuireann a anáil sméaróidí trí thine,Agus tagann lasair as a bhéal.

14. Tá an neart ag lonnú ina mhuineál,Agus tá an t‑uafás ag damhsa os a chomhair.

15. Dlúthaíonn a sprochaillí feola le chéile,Agus bíonn siad daingean dobhogtha air.

16. Tá a chroí chomh teann le cloch,Chomh daingean leis an mbró íochtair.

17. Nuair a éiríonn sé tagann scéin ar na [tonnta],Agus téann na [madhma] féin ar gcúl.

18. Dá mbuailfeadh an claíomh é, ní chuirfeadh sé as dó,Ná an tsleá, ná an ga, ná an bhunsach.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 41