Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 41:14-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Tá an neart ag lonnú ina mhuineál,Agus tá an t‑uafás ag damhsa os a chomhair.

15. Dlúthaíonn a sprochaillí feola le chéile,Agus bíonn siad daingean dobhogtha air.

16. Tá a chroí chomh teann le cloch,Chomh daingean leis an mbró íochtair.

17. Nuair a éiríonn sé tagann scéin ar na [tonnta],Agus téann na [madhma] féin ar gcúl.

18. Dá mbuailfeadh an claíomh é, ní chuirfeadh sé as dó,Ná an tsleá, ná an ga, ná an bhunsach.

19. Is cuma leis iarann nó dias,práis nó adhmad críon.

20. Ní chuireann saighead an teitheadh air,Agus is cuma leis clocha láimhe nó brobanna tuí.

21. Is cuma leis bata nó giolcach,Agus gáireann sé faoi fhead na bunsaí.

22. Tá sligí géara faoi thíos,Agus gluaiseann sé thar an gceachair mar bhráca.

23. Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire,Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin.

24. Fágann sé cosán glioscarnach ina dhiaidh,Agus bíonn mar a bheadh lomra geal ar na huiscí.

25. Níl a leithéid eile ar talamh,Créatúr gan eagla.

26. Féachann sé sa tsúil ar gach ní uaibhreach,Agus is rí é ar mhic an díomais.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 41