Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 40:4-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa?Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.

5. Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair.Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh.

6. Ansin d'fhreagair an Tiarna Iób as an anfa gaoithe agus dúirt:

7. Cuir do chrios faoi do choim go fearúil;Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí.

8. An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú,Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?

9. An bhfuil neart Dé i do láimhse,An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?

10. Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea!Cuir umat do ghlóir is do loinnir!

11. Scaoil le fraoch d'fheirge,Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl.

12. Treascair gach díomasach le silleadh do shúl,Agus leag ar lár na hurchóidigh ar an bhfód ina bhfuil siad.

13. Adhlaic le chéile sa chré iad,Agus iaigh sa charcair íochtarach iad, gan focal as a mbéal.

14. Beidh mise ar an gcéad duine ansin lena admháil,Gur féidir do do lámh dheas féin an bua a bhreith duit.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 40