Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 40:23-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air.Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.

24. Cé a bhéarfaidh air ina uachais,Nó a chuirfidh bacán ar a chaincín?

25. An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán?Nó dorú a chur timpeall a theanga?

26. An féidir duit fáinne a chur ar a shrónNó dubhán a chur trína ghiall?

27. An ndéanfaidh sé mórchuid impí chugat?Nó an meallfaidh sé thú le bladar?

28. An ndéanfaidh sé margadh leatA bheith ina dhaor agat go brách?

29. An ndéanfaidh tú peata de mar a dhéanfá d'éanNó é a chur ar iall do do chailíní?

30. An ndéanfaidh na cumainn iascairí é a dhíolAgus ansin é a roinnt ar na ceannaitheoirí?

31. An ndéanfaidh tú a sheithe a chlúdach le bacáin,Nó a cheann le gathanna?

32. Ní gá duit ach baint leis,Agus ní dhéanfaidh tú dearmad ar a chomhrac, ná dul sa seans arís.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 40