Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 40:16-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Nach aige atá an neart ina leasracha,Agus an cumas i bhfeithleoga a bhoilg!

17. Tá a eireaball chomh teann le crann céadair,Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile.

18. Is cuma nó píopaí práis a chnámha,Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn.

19. Eisean sárshaothar Dé,Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air,

20. Á chosc ó arda na sléibhte,Mar a mbíonn na hainmhithe allta go léir ag súgradh.

21. Luíonn sé dá bhrí sin faoin loiteog,Agus téann i bhfolach i measc ghiolcach an bhogaigh;

22. Faigheann sé scáth ó dhuilliúr na loiteoige,Agus fothain ó shaileoga an tsrutháin.

23. Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air.Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.

24. Cé a bhéarfaidh air ina uachais,Nó a chuirfidh bacán ar a chaincín?

25. An féidir duit an Leiviatan a tharraingt amach ar dhubhán?Nó dorú a chur timpeall a theanga?

26. An féidir duit fáinne a chur ar a shrónNó dubhán a chur trína ghiall?

27. An ndéanfaidh sé mórchuid impí chugat?Nó an meallfaidh sé thú le bladar?

28. An ndéanfaidh sé margadh leatA bheith ina dhaor agat go brách?

29. An ndéanfaidh tú peata de mar a dhéanfá d'éanNó é a chur ar iall do do chailíní?

30. An ndéanfaidh na cumainn iascairí é a dhíolAgus ansin é a roinnt ar na ceannaitheoirí?

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 40