Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 40:1-11 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin dúirt an Tiarna le Iób:

2. An bhfuil céile comhraic an Uilechumhachtaigh ar tí géilleadh?An bhfuil freagra tagtha chun an té atá ag áiteamh le Dia?

3. Ansin d'fhreagair Iób an Tiarna:

4. Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa?Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.

5. Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair.Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh.

6. Ansin d'fhreagair an Tiarna Iób as an anfa gaoithe agus dúirt:

7. Cuir do chrios faoi do choim go fearúil;Cuirfidh mise na ceisteanna anois agus tabhairse na freagraí.

8. An dteastaíonn uait mo bhreith a bhréagnú,Mise a chur san éagcóir d'fhonn thú féin a chur sa chóir?

9. An bhfuil neart Dé i do láimhse,An bhfuil glór toirní agat mar atá aigesean?

10. Gabh chugat do dhínit agus do mhaorgacht más ea!Cuir umat do ghlóir is do loinnir!

11. Scaoil le fraoch d'fheirge,Ísligh gach uaibhreach le silleadh do shúl.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 40