Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 4:4-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle;Neartaigh tú na glúine laga.

5. Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d'fhoighne.Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat.

6. Nach bhfuil muinín agat as d'fhíréantachtAgus dóchas agat as do bheatha ionraic?

7. Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh?Cár milleadh lucht na córa?

8. Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóidAgus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.

9. Scriosann anáil Dé iad,Agus milleann racht dá fhearg iad.

10. [Múchtar] búir an leoin agus scréach an bhanleoin;Bristear fiacla na gcoileán leoin.

11. Cailltear an seanleon d'uireasa creiche,Agus téann scaipeadh ar choileáin an bhanleoin.

12. Fuair mé focal, más ea, faoi choim,Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin.

13. I measc smaointe a rith chugam in aislingí oíche,Nuair a bhíonn daoine i dtoirchim suain,

14. Tháinig scéin orm agus critheagla,Agus bhí mo chnámha go léir ar ballchrith.

15. Shleamhnaigh leoithne thar m'aghaidhAgus d'éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 4