Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Iób 4:2-8 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Má leomhann duine focal á rá leat, an gcuirfidh tú suas leis?Ach cé a d'fhéadfadh fanacht ina thost?

3. Féach! nach iomaí duine a cheartaigh tú!Do lámha laga thug tú neart.

4. Ba thaca iad do bhriathra don té a fuair tuisle;Neartaigh tú na glúine laga.

5. Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d'fhoighne.Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat.

6. Nach bhfuil muinín agat as d'fhíréantachtAgus dóchas agat as do bheatha ionraic?

7. Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh?Cár milleadh lucht na córa?

8. Dé réir mar a chonaic mise, an dream a threabhann an urchóidAgus a chuireann síol na trioblóide, baineann siad í mar fhómhar.

Léigh chaibidil críochnaithe Iób 4